Níl aon rud mar slán ann

Goodbye2
© SGI 2014

Bhí Lily ina suí ina cathaoir, ag smaoineamh agus í beagáinín brónach. Ní raibh sí go maith riamh ag rá slán agus níor theastaigh uaithi go gcríochnódh a dturas.

Bhí Max ag iarraidh misneach a thabhairt di tré scéalta grinn a insint di. Ar deireadh, shocraigh sé ar stráitéis nua. Bhain sé an táibléid ab’fhearr leis óna phóca, leathnaigh sé amach é agus chur sé ar siúl é. Rinne sé meangadh gáire.

 “Tabharfaidh 5 Teiribheart de ghrianghrafanna misneach dhuit!” a dúirt sé. D’fhéach Lily thar a ghualainn agus chonaic sí iad ag ithe uachtar reoite san Iodáil, ag snámh sna hoileáin Ghréigeacha, ag spaisteoireacht timpeall Phárás, ag spraoi le na lachan i bPáirc Hyde Londain, ag siopadóireach i mBarcelona agus ag déanamh spraoi in Amstardam. “Turas den scoth a bhí ann,’ a dúirt sí, agus í ag iarraidh meangadh gáire a dhéanamh.

 “Ó graiféin go fótovoltacha, ó cheallra go cillíní bhreosla, ó dathú struchtúrach go fótósintéis saorga, ó phriontáil 3D go seachadadh druga, tá an domhan ag athrú agus ag forbairt. Éiríonn sé níos éifeachtúla, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus níos inbhuanaí. Tá an domhan ag feabhsú, i ndáiríre,” a dúirt Max.

 “Agus bhfuil a fhios agat rud éigin eile? Tá tusa agus mise mar chuid den éabhlóid eolaíochta éigríochta seo. Mar sin, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, ní féidir slán a fhágáil! Tá go leor, leor rudaí eile h-aimsiú agus le ceapadh agus táimse ag súil leis. Nach bhfuil tusa?”