Graiféin

Graphene2
© SGI 2014

Ó charbón go seoda

SUAS SAN AER

Tá Max agus Lily anois ag tuirling ar eitleán déanta as ard-comhábhair, graiféin san áireamh: struchtúr ait charbóin a dhéanann an aerárthach seo níos láidire agus níos éadroime i gcomparáid le na h-eitleáin a chuaigh roimhe.

“Tá graiféin ar nós criathar meala éigríochta, déanta as charbón amháin,’ a dúirt Lily. Lean Max ag cuardach scannáin don turas ón bailiúchán a bhí ag an aerárthach agus níor éist sé léi i dtosach. “An bhfuil a fhios agat go raibh an lorg coise carbóin is measa ag taisteal aerthaisteal dos na roghan na taistil go léir?”a dúirt sí arís.”Ach ní mar sin a thuile é.Sábhálann an criathar meala charbóin an lá! Tá íosmhéid astuithe díocsaíd charbóin anois ag an aerárthach seo.”

Maxpluslily Airplane Final

“Is faoi éifeachtúlacht ar fad atá sé. Ag úsáid comhábhair graiféine, tá aerárthaigh fíor sábhalta, éadroma déanta ag innealltóirí a úsáideann i bhfad níos lú breosla,’ a d’fhreagair Max. Díomach faoin rogha scannán a bhí ag an aerlíne, bhain sé rud éigin a bhí cosúil le scragall tanaí plaisteach óna phóca. Leathnaigh sé amach é, chun scáileán tadhall a nochtú agus thosaigh sé á bhuaileadh go h-éadrom chun scannán a roghnú ó na céadta a bhí stóráilte aige ansin. Bhí meangadh gáire air agus é á dhéanamh. ‘Ní faoi aerárthaigh amháin atá sé,’ a d’inis sé di, ‘is ard-ábhar é graiféin a d’aithrigh leictreonacha ó bhun.”

GRAIFÉIN IN UIMHREACHA

Is calóg fíor-thanaí é graiféin de ghnáth charbón. D’fhéadfadh na h-airí uathúla atá aige na brionglóidí do chuile dhuine atá ag obair i leictreonacha agus in a lán teicneolaíochtaí eile a réadú.

10 n-uaire níos fear ag seoladh teasa ná copair  

100 n-uaire níos láidire ná cruach ach an-solúbtha fós fhéin

1,000 kiloméadair sa soicind is  ea an luas atá ag na leictreoin atá ag taisteal ann, rud a fhágann gur seoltóir leictreach iontach é.

10,000 n-uaire níos tanaí ná ribe gruaige

100,000 n-uaire níos éadroime ná gnáth-pháipéar priontála

& 98% trédhearcach do sholas, ach tiubh go leor nach féidir le rud ar bith dhul tríd

Mheáfadh cliabhán samhailteach trédhearcach déanta as graiféin d’aon mhéadar cearnach níos lú ná milleagram agus bheadh ar a chumas leanbh nua-bheirthe de 4kg a choinneáil go sábhálta!

GO TAPAIDH…

D’fhéadfadh na tréithe thuas-luaite ní amháin feabhsaithe éifeachtúlachta iontacha a chur ar fail do theicneolaíochtaí atá ar fail cheana féin, ach d’fhéadfadh sé freisin domhan nua feidhmeanna a sholáthar. D’fhéadfaí trasaitheoirí I bhfad níos tapúla agus níos lú a chur ar fail, maraon le scáileáin tadhaill níos láidire agus níos éadroime, plaisteacha atá 30 céimeanna níos frithsheasmhach do theas, braiteoirí truaillaithe i bhfad níos mothálach. D’fhéadfadh leictreonacha a bheith i bhfad níos solúbtha, níos láidire agus níos frith-sheasmhach do dhamáiste agus níos éiceabhaí.

Ach tá eolaithe fós ag déanamh taighde ar airí an ábhair seo agus níl torthaí a gcuid oibre aibí go foil. Mar sin, caithfidh muid fanacht chun a fháil amach an réadófar ár mbrionglóidí graiféine cosúil le mar atá i ndomhan Max agus Lily.

AN CHÉAD STAD EILE…PÁRÁS

Tá ár beirt laoch dá réitiú fhéin don tuirlingt. Fan linn agus faigh amach cén cuma a bhéas ar an Túr Eiffel sa todhchaí agus conas mar a chabhraíonn sé le cumhacht a chur ar fail do fo-bhaile iomlán a bhuíochas le leictreonacha orgánacha!