Díshalannú Uisce
“An bhféadfá roinnt uisce a thabhairt dom?” a d’iarr Lily ar Max, agus í ag imirt lena fabhraí go gleoite. Bhí Max ina luí ar a dhroim, ag baint taitneamh as an ghrian te agus níor bhog sé. Ach lean Lily uirthi, agus d’iarr sí arís. D’éirigh sé agus thaispeáin sé an fharraige álainn, éigcríochach a shín amach rompu. “Seo leat. Léim isteach agus bíodh do shá uisce agat!” Ansin, agus a thuilleadh lóise gréine á chur air féin, luí sé siar arís.
“Max” Teastaíonn uisce le n-ól uaim!” a shoiléirigh Lily. “Ní féidir liom sáile a ól. Ar mhaith leat go n-éireoinn tinn?”
“Ní éireoidh tú tinn, ní bheidh agat ach cúpla siabhránachtaí b’fhéidir, agus beagáinín lot inchinne. B’fhearr duit gan mórán a ól,’ a d’fhreagair sé, de ghuth bhinn.
Thuig Lily go raibh buaite uirthi, d’éirigh sí, chuir sí uirthi a hata chun í fhéin a chosaint ón ghrian ghlórmhar Ghréigeach agus thosaigh sí amach i dtreo an bhota. Cheannaigh sí uisce agus d’fhill sí. Chonaic Max í agus shuigh sé suas, ag fanacht. Nuair a tháinig sí ina threo, bhí díoma air. “Níor thug tú leat aon uisce domsa?”
Bhobáil Lily. “Nach bhfeiceann tú an Meánmhuir os do chomhair? Faigh uisce uaithi más mian leat é,’a d’fhreagair sí.
“Ní bheadh sé sin éifeachtúil, bhfuil a fhios agat,’ a dúirt Max, agus é ag socrú filleadh ar cheann do na thopaicí ab’fhearr leis. “Chun sáile a ól, caithfidh muid é a díshalannú, rud nach bhfuil éifeachtúil. Cosnaíonn sé in iomarca fuinnimhe.”
“Gabh mo leithscéal; an bhfuil conaí ortsa sa fiche h-aonú aois? Nuair nach raibh díshalannú uisce éifeachtúil ó thaobh fuinnimhe de,’ a dúirt Lily, á magadh. ‘’Sa lá ‘tá inniu ann, is féidir le mórchuid den daonra uisce ionghlanta nó díshalannaithe a ól.”
D’éirigh Max agus thosaigh ar léacht paiseanta a thabhairt uaidh. ‘Tá díshalannú uisce,’ a dúirt sé, ‘i bhfad níos costasaí ná uisce úr a fháil ó aibhneacha, ná ó uisce talún, ná ó uisce ath-chursáilte fiú. Ach, toisc nach raibh teacht ag an-chuid daoine or foinsí uisce úr san am atá caite, bhí ar eolaithe uisce óil a lorg áit a raibh flúirse uisce ann; sa bhfarraige.
Ag úsáid seicní, bhí uisce á scagadh ag eolaithe ar feadh i bhfad. Go bunúsach, is ábhair iad seicní ina bhfuil poill beaga bídeacha a stopann na cáithníní móra agus a ligeann na cáithníní níos lú a dhul isteach ag an am chéanna. Má tá na poill beag go leor, ní ligfidh siad ach do na móilíní uisce dhul tríd agus coinneoidh siad chuile rud eile amach. Bhí an modh seo ábalta cáithníní toicsíneacha a choimeád as an uisce. Ach ba mhodh an-chostasach é le díshalannú a dhéanamh.
Modh eile a bhí acu chun an salann agus éilleáin eile a scaradh ná an sáile a bheiriú agus an gal a bhailiú. Ach bhí sé seo mí-éifeachtúil chomh maith.
D’ól Lily a thuilleadh uisce óna buidéal agus d’iarr sí air an raibh a fhios aige go raibh an duine daonna déanta as níos mó ná 70% uisce. Níor thuig Max cá raibh sí ag dul leis an gceist seo agus stop sé ag caint ar feadh nóiméad.
D’inis Lily dhó, go raibh réiteach na faidhbe cheana féin ag an nádúr roimhe seo. Seicní bhith-aithriseacha! Tá daoine, ainmhithe agus plandaí déanta as cillíní. Is seicín é an chuid seachtrach de chuile cillín. Agus i léir mór cillíní ainmhithe agus plandaí éagsúla, tá proitéin speisialta ag na seicní se ar a dtugtar ‘aquaporin.’
Is féidir le h-uisce sreabhadh tríd seicne an chillín go tapaidh, buíochas le aquaporiní, ach ní féidir le móilíní eile. Ceanglaíonn na ‘aquaporins’ iad fhéin le móilíní uisce ionas nach scaoilfidh tríd ach iad fhéin. Tá an cineál seo iompar uisce an-éifeachtúil agus tá úsáid baint as chun seicní díshalannaithe uisce a fheabhsú agus chun na costaisí oibriochtúla agus fuinnimhe a bhaineann leo a laghdú.
Chuaigh sé seo i bhfeidhm go mór ar Max agus bhí tart chomh maith air. Mhol sé Lily agus dhéan sé iarracht an buidéal a thógáil óna lámha ag an am chéanna. Ach bhí Lily níos tapúla.
“Má theastaíonn uait uisce a ól, beidh ort siúl chuig an kiosk chun é a cheannach nó do ghnó phearsanta díshalannaithe a thosú anseo, ar oileán álainn na Créite. An bhfuil sé sin soiléir?” a d’iarr sí.