Dathú Struchtúrach
Bhí Max ag fulaingt go ciúin agus é ag dul le Lily go dtí ceann dos na ceantar siopadóireachta is mó a raibh meas ag an bpobal air i mBarcelona.
Bhí Lily ar an lámh eile de, sona sásta. Bhí sí ag braistint fabraicí, ag baint triail as dathanna agus ag déanamh comhaireamh meabhrach ar an uasmhéid go mbeadh sí in ann a chaitheamh.
“Meas tú an mbeadh muid in ann fágáil anois agus iarracht a dhéanamh rud éigin le níos mó eolaíocht ann a dhéanamh…?” a dúirt Max de ghuth tuirseach. Stop Lily, ach ní toisc an méid a bhí ráite ag Max. Stop sí go tobann os comhair siopa, ag stánadh ar ghúna sa bhfuinneog. “Seo hé!” a dúirt sí agus rith sí léi isteach. D’fhéach Max ar an bhfuinneog agus níor bhog sé. “Ó nó!” a dúirt sé go ciúin agus bhrostaigh sé ina diaidh.
Bhí Lily ag cuimilt gúna a bhí cosúil le péagóg. Chaith Max a shúile i dtreo na bhflaithis agus d’iarr sé uirthi céard a bhí chomh speisialta faoin gúna ar aon chuma.
“Bhuel, theastaigh uait rud éigin a dhéanamh a raibh baint níos mó aige leis an eolaíocht, nár theastaigh?’ a d’iarr Lily. Bhí Max meabhrach. “Ní bitheolaíocht éanúil a bhí i gceist agam,’ d’éirigh leis a rá. Thosaigh Lily ag gáire. “Is ard-teicneolaíocht dathú struchtúrach atá anseo,” dúirt Lily, á cheartú. D’íoc sí ar an gúna agus d’fhág sí an siopa, greim aici ar an ngúna amhail is gur duais a bhí ann.
Shuíodar ar imeall scairdeáin agus d’iarr Max uirthi níos mó soiléirithe a thabhairt dó. Thosaigh Lily len a insint dó, go ndúirt Isaac Newton agus Robert Hooke na céadta bliain ó shin, go raibh dath gorm agus glas ar chleití na péacóige de bharr an struchtúr a bhí orthu. Caitheann a ndeilbhíocht dhromchla solas sa chaoi go bhfeiceann muid dath orthu, cé go bhfuil lí donn le meilinín orthu i ndáiríre.
“Sa chás seo, iompraíonn solas é fhéin cosúil le tonn,” a dúirt Lily agus chaith sí cloch dhuirlinge bheag sa scairdeán, a chur tonn ciorcalach ag leathnú. Ansin, chaith Lily trí chlocha duirlinge le chéile. Chruthaigh siad go léir tonnta a dhéan idirghníomhú le chéile. Ag pointí áirithe, tháinig na tonnta le chéile ag treisiú a chéile, agus ag pointí eile, chealaigh na tonnta iad fhéin amach.
“Is cur isteach toinn é – tá an feiniméan seo ar eolas agam,’ a dúirt Max.
Tá dromchla ábhair an ghúna déanta as, ní h-amháin cleití péacóige ach línte comhthreomhara beaga bídeacha. Caitheann an micrea-struchtúr seo solas in uillinneacha difriúla. Ar an gcaoi seo, feictear dathanna éagsúla ag uillinneacha difriúla.
“Led’ thoil, abair liom go bhfuil níos mó feidhmeanna ag seo ná in éadaí amháin,” bhris Max isteach.
“Is haute couture é seo!” a dúirt Lily. “Agus sea, tá iliomad feidhmeanna aige. Dromchlaí a sholáthraíonn dathanna radaithe agus duaithníocht dromchlach a bhuíochas do na h-ábhair bith-aithriseach seo. Agus, gloine ísealfrith-chaiteas, nó lascanna optiúla éifeachtúla.” Thaitin sé seo le Max agus chraith sé a cheann in aontas léi agus é sásta.
“Ligeann an struchtúr seo dúinn solas a smachtú ar scála nanaméadar. Seo mar a déantar an hologram slándála ar do chárta creidmheasa! Samhlaigh, dromchlaí anta-frithchaiteacha do fótóvoltacha ard-éifeachtúla! Samhlaigh sliseanna, sliseanna optiúla a úsáideann solas in áit leictreachas. Iompraíonn siad sonraí i bhfad níos tapúla,” a dúirt Lily.
“An bhfuil a fhios agat rud éigin? Tar éis seo go léir, ní cheapaim go bhfuil an gúna péacóige chomh h-uafásach sin níos mó!’ a dúirt Max go sásta, agus é ag iarraidh moladh a thabhairt di. Thug Lily droch-fhéachaint do ach ní raibh sí in ann í fhéin a stopadh ag rá nach iad péacóga amháin a bhí an tréith speisialta seo. Tá struchtúir cosúla ag feileacáin, agus cineálacha eile éan cosúil le beachadóirí Eorpacha agus macánna. Agus le sin, d’éirigh sí, ag rá go raibh sé in am dul ar ais go dtí na siopaí!