Is gléas é an ‘Saotharlann ar Slis’ (LoC) inar crapadh feidhmeanna na saotharlainne i gcúpla ceintiméadar cearnaithe. Is féidir leis cabhrú le diagnóis luath agus ardaítear na deiseanna leighis.
Úsáideadh gloine agus sileacan mar substráit do ghléasanna LoC ach ‘siad poilaiméirí anois an rogha is coitianta mar is féidir leo bheith solúbtha chomh maith. Le déanaí, moladh páipéar a úsáid, rud atá saor, bithcomhoiriúnach agus is féidir tásc amhairc tapaidh a dhéanamh leis.