Tá gléasanna leictreonacha déanta as ábhair in-bhithmhillte, neamhbhaolach don chomhshaol, a bhfuil ar a gcumas tuaslagú in uisce nó i sreabhán daonna.
Tá taighdeoirí anois ag déanamh tástáil ar ábhair pholaiméir-bhunaithe chun iad a úsáid mar ardáin do chomhbhaill leictreonacha. D’fhéadfaí leictreonacha neamhbhuana a úsáid i seachadadh druga, san earnáil slándála agus monatóireacht bhia.