Is ábhair iad leictreachrómacha a athraíonn a ndath (nó a leibhéal tré-dhearcacht atá acu) nuair a cuirtear sruth leictreach i bhfeidhm orthu.
Tugtar leictreachrómacha orthu, toisc ‘leictrea’ do leictreachas agus ‘crómach’, a thagann ón bhfocal Gréigeach ‘chroma’, a chiallaíonn dath. Ábhair leictreachrómacha coitianta is ea poilainilín, oicsíd tungstain (WO3), agus ‘viologens’, mar a thugtar orthu. Is féidir ais- ocsaidiú agus laghdú a dhéanamh orthu go léir (m.sh, malartú in-aisiompaithe de leictreoin).