Glaotar forhidreafóbach ar dhromchla nuair nach féidir le braoníní uisce é a fhliuchadh; ciallaíonn sé seo go bhfanann an braoinín sféarúil nuair a thagann sé i dteagmháil leis an ndromchla (ní leathnaíonn sé) agus ritheann sé glan uaidh, ag tabhairt leis an deannach, salachar nó smionagar ar a dtagann sé trasna, ag fágáil an dromchla glan.
Tá dromchlaí forhidreafóbacha comhdhéanta as ábhair hidreafóbacha (ar nós céir, ola nó polaiméirí ina bhfuil fluar iontu cosúil le Teflon), le dromchlaí ‘garbha’ cruthaithe as cnapáin ar airde 100nm.