An dath a eascraíonn as idirghníomhú solais le dromchlaí atá struchtúrtha go micreascópach. Os rud é go n-iompraíonn solas é fhéin mar tonn, cúisíonn a leithéid de dhromchlaí trasnáil toinne agus feictear dathanna éagsúla ag uillinneacha difriúla dá thoradh.
Íograítear roinnt ard-ábhar chun an sreabhadh solais agus datha a smachtú tré struchtúr a úsáid.
Roinnt dos na feidhmeanna poiteinsiúla atá aige ná i bhfabraic duaithníochta mhíleata, gloine le frithchaitheamh íseal do fhuinneoga, grianchealla &rl.