Substaint a thapaíonn imoibriú ceimiceach, gan go n-ídítear nó go n-aithrítear é. Más é solas an foinse a chuireann an catalaíoch i ngníomh, glaotar fótacatalaíoch air ansin.
Úsáideadh miotail lómhaireacha cosúl le platanaim agus iridium mar chatalaíocha le fada, chun imoibrithe ceimiceacha a thapú. Anois tá taighdeoirí ag díriú ar ábhair níos saoire cosúil le cóimhmhiotail chun an próicéas a dhéanamh níos éifeachtúla.